Laghdú suntasach ar chumas teanga pháistí na Gaeltachta: an féidir an taoide a chasadh?

By Malachy Donnelly

Ar feadh na gcéadta bliain, tá laghdú tagtha ar líon na ndaoine atá Gaeilge acu, agus ar chumas na Gaeilge atá ann chomh maith. Tá neart fianaise ann a thaispeánann an meath suntasach seo, i 2014, nochtadh é go raibh cumas an Bhéarla níos fearr ná an Ghaeilge ag cainteoirí óga dúchais (Hickey, 2014). San aiste seo, déanfar iniúchadh ar mheath na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta agus an féidir an fhadhb a réiteach.

Chun na faidhbe uafásaí seo a réiteach, is gá ar mhuintir na hÉireann déine na deacrachta seo a thuiscint. Chuir Brian Ó Cuív (1951) na fadhbanna seo in iúl go soiléir ag baint úsáide as roinnt léarscáileanna a thaispeánann pobail Ghaeilge i 1851 agus 1891. Feictear titim ghasta chinnte i méid na gceantar atá ann i 40 bliain. Anois, laghdaíodh na ceantair go dtí iarthar na tíre, agus tá an chontúirt ann go bhfaighidh siad níos lú. Tugann roinnt fíricí tacaíocht leis an bhaol seo, de réir an Daonáirimh 2022, tá laghdú ann i méid na gcainteoirí Gaeilge i bhformhór na nGaeltachtaí idir 2016 agus 2022. (An Phríomh-Oifig Staidrimh, 2023) Is iad na ceantair Ghaeltachta Phort Láirge agus Chiarraí na háiteanna nach raibh laghdú ann.

Chomh maith le sin, ní labhraíonn ach 31% de phobal na Gaeltachta an Ghaeilge amach as an chóras oideachais, le breis agus cúigiú de dhaoine ag labhairt na teanga sa chóras oideachais amháin. Léiríonn seo nach bhfuil go leor daoine ag labhairt na Gaeilge sa teach lena bpáistí, agus maidir leis na páistí arbh fhéidir leo an Ghaeilge a labhairt, níl sé in úsáid ach amháin sa seomra ranga. Ar ndóigh, leis an úsáid theoranta seo, tá páistí ag cailliúint shaibhreas na Gaeilge a bhíodh ann cúpla glúin ó shin.

Ní mór a chuimhneamh nach bhfuil an locht ar na páistí, nó a dtuismitheoirí ach an oiread. Leis an teicneolaíocht sna ceantair Ghaeltachta le fada, is dócha go bhfuil an meath seo ag éirí níos sciobtha mar is teanga na teicneolaíochta é an Béarla. Cé go bhfuil pobail na Gaeilge ar na meáin ag neartú, tá easpa acmhainní ann do pháistí atá ag foghlaim na teanga. Níl a leithéid d’fhíschluichí leis an Ghaeilge mar rogha teanga chomh maith, mar sin ceapann páistí go bhfuil an Ghaeilge seanfhaiseanta toisc nach bhfeiceann siad focail comhaimseartha atá acu i mBéarla. Ar ndóigh, is é an coilíneachas an mhórfhadhb, ag cé gur stadadh an coilíneachas anseo ar leibhéal oifigiúil, is é an t-iarsma den choilíneachas sin atá ag déanamh an mhéid is mó dochair anois. Tá an dearcadh gur teanga mharbh í an Ghaeilge cothaithe i roinnt daoine na Galltachta, agus tá drochthionchar ag an ráiteas seo ar Ghaeltachtaí.

Saothraíonn a lán teaghlach tuarastal ó chúrsaí Samhraidh a bhfreastalaíonn déagóirí orthu, má cheapann tuismitheoirí na ndéagóirí nár chóir leo dul mar tá an teanga ag marú, níor cheart go gcuirfeadh sé iontas ar aon duine go bhfuil caighdeán Ghaeilge na bpáistí soineanta seo ag dul i léig. In ainneoin gach rud atá ráite anseo, tá fianaise eile ann go bhfuil stádas na Gaeilge ag dul sa treo ceart. Tá méadú daonra i ngach ceantar Gaeltachta ó 2016 chuig 2022, ag fáil ré leis an mheath daonra a tharla ó 2011 chuig 2016. Léiríonn seo go mbeidh níos mó páistí ann sna Gaeltachtaí arbh fhéidir leo Gaeilge mhaith a fhoghlaim. Lasmuigh de na Gaeltachtaí, feictear méadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge. Sna sé chontae, léim méid na gcainteoirí proifisiúnta ó 64,847 i 2011 (GTÉST, 2013) go 71,872 i 2021 (GTÉST, 2022). In Éirinn, thuairiscigh 63% de dhaoine idir 15-19 gurbh fhéidir leo Gaeilge a labhairt go han-mhaith nó go maith, bhí sé 60% do pháistí idir 10-14 agus 27% do dhaoine idir 50-54 (An Phríomh-Oifig Staidrimh, 2023). Mar sin feictear méadú fíorard in ábaltacht an Ghaeilge i bPoblacht na hÉireann mar iomlán.

Leis na fíricí atá léirithe san aiste seo, dearfaí gurbh fhéidir an taoide a chasadh maidir le cumas teanga pháistí na Gaeltachta. Feictear feabhas i gcumas teanga páistí lasmuigh den Ghaeltacht anois, agus leis an daonra ag méadú, teicneolaíocht na Gaeilge ag teacht chun cinn maidir le haistriúcháin fhíschluichí agus dearcadh na ndaoine ag athrú ó dhroch-cheann chuig dea-cheann, is dócha go bhfuil cúrsaí na Gaeltachta níos fearr ná a bhíodh roinnt blianta ó shin, ach is gá le níos mó cuidithe riachtanaigh leis an taoide seo a chasadh go brách.


Malachy Donnelly is a 3rd year student who is studying Irish.

CommentThe Scoop